School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 492
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tóbar [beannuite] beannuigh ar an Dubhcharraidh ata ceiméal cruthughamhail. Do réir an seancas a fuair mé o na sean daoine nil sé í bfád ó tharlaidh séo uilig. Bhí bean na comhnuiudhe comhgarac do’n Dubhcorraidh agus bhí paiste aicí agus ba chuma caidé a dheanfadh sí leis ní rabh siad abaltá é a fhaghail leaghast no bhí an droch aicid air bhí sé briste amach ó bhún go barr a chorp agus an t-am sin ní rabh na doctuirí comh fairsingh agus tá anois. Lá amháin bhí sí ag imteacht agus an paisté leithe chuig doctúir éile agus gíota o’n chross-bhealach ar bhealac Ghleann Domhain tháinig fear béag ribeach ruadh romhpaí agus d’iarr orthaí an paiste a thabhairt leithe agus é á nighe lé uisge as an tobar agus go bfuigheadh an gasur biseach d’íarr sé orthai dochas a bheith aicí ann no go rabh sé beannuighthe. D’imthigh sí suas thóg an t-uisge agus choiméal dé choirp an leinibh agus dubhairt na paidreacha a d’iarr an fear uirthí chuaidh sí na bháile annsin agus i gcionn tamhaill fuair an paiste biseach.
Seo sgéal éile fíor fa’n tobar seo.
Bhí cailín as tharth fa’n Dubcharraidh ar fastach í gcondaé Thír Éoghain agus d’éirig sí bodhar agus ní rabh sí abalta a dhath a chluinstín chuir sí sgéal ag a mathair an turas a dheánamh duithe agus buidéal de’n uisghe a chuir aicí rinn a mathair an turas duithe agus chuir sí buidéal de’n uisge chuicí.(continues on next page)- Collector
- Seaghan Mach Cealbhaigh
- Gender
- Male
- Address
- Na Brocacha, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig O Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Na Brocacha, Co. Donegal