School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 633
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin tháinig na geacha fiadhna amach, d’amharc an fear ortha agus chonnaic sé an ceann a rabh a cuid eiteogaí síos leis. Bal deir an (bhean) fear cuirfidh mé mo lam ar an cheann seo ach creideam nach bhfuil me ceart. Tá tu ceart go leor agus ar an bhomaite d’éirigh an gasúr in a sheasamh. Nuair a fuair siad na bhaile bhí na daoine uilig cruinnighthe ag fuireacht leis an ghasúr. Bhí oidhche mhór aca agus ní dheachaidh siad na bhaile go cionn seachtmhain. Bhí t-airgead caithe aca agus bhí siad bocht airist. D’imthigh siad go Litirceanainn agus bhí aonach ann. Nuair a bhí siad ag teacht comhgarach do’n bhaile mhór dubhairt an gasúr go dtiochfadh leis é féin a tionntadh isteach in capall agus d’iarr sé ar an athair é a dhíol ach gan leigint do dhuine ar bith é a cheangail no na dtiochfadh leis a teacht na bhaile.
Rinne an gasúr seo agus nuair a bhí siad ag gabhail isteach an bealach mór casadh da fear air agus cheannuigh siad an capall uaith. Tug fear aca an capall leis agus dubhairt an fear gur sin gnás a bhí aige ariamh nuair a dhíoladh sé capall go gceangaileocadh sé é. Dubhairt an fear go rabh sin maith go leor d’imthigh siad sios(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Giolla Cearr
- Gender
- Female
- Address
- An Teanga Mheáin, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Mac Giolla Cearr
- Gender
- Male
- Address
- An Teanga Mheáin, Co. Donegal