School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cluiche a baineas le h-Oidhche Samhna.
Sgadán ghuirt a rósadh agus a ithe na trí ghreim ag dul a luighe duit agus gan a’n fhocal a labhairt go maidín. Tiocfaidh an fear nó an bhean a bfuil tú le pósadh chugat i mbríonglóid agus bheirfaidh sé deoch uisge duit.
Comharthaí Aimsire.
Dearglach sa spéir ag éirghe na gréine sin comhartha go bfuil an fhearthainn ó dheas dúinn.
Nuair atá dearglach sa spéir ag luighe na gréine sin comhartha triomlach.
Nuair atá fonnadh gabhair sa spéir sin comharta gaoth mhór.
Breacadh na cosa circe sa spéir sin comhartha fearthanna.
Nuair atá teas mhór sa teinidh sin comhartha sneachta.
Fáinne thart ar an ghealaigh in dheas dithe sin comharta doininne.
Fáinne thart ar an gealaigh i bfad uaithe sin comhartha go bfhuil an doininne in dheas dúinn.
Má tá an fáinne fosgailte sin comhartha go séidfidh sé.
Nuair atá an suithche ag tuitim sin(continues on next page)- Informant
- Treasa Mc a Bháird
- Gender
- Female