School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 17
- XML “Comharthaí Aimsire”
- XML “An Cruatan i bhfad ó shin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má bhíonn tráthnóna ciúin ann agus na mioltogaí amuigh go tiuth, sin comhartha go bhfuil an fhearrthainn ag teacht.
Má bhíonn droc dhath ar an fhairrge agus é cineál garbh, sin comhartha go bfuil an ghaoth mór ag teacht.
Má bíonn seideadh anuas ann, sin comhartha go bhfuil an doineann ag teacht.
Ma bhíonn teas mór san teinidh, sin comhartha go bhfuil an doineann ag teacht.
Má bhíonn na geacha fiadhna ag eiteail isteach o’n fhairrge go dtí an talamh, sin comhartha go bhfuil an gaoth mhór ag teacht, agus má imthigheann siad amach go dtí an fhairrge, sin comhartha go bhfuil an aimsear mhaith ag teacht.
Má bhíonn an spéar dearg ins an taobh thoir, sin comhartha gaoithe móire agus má bíonn sé dearg ins an taobh thiar, sin comhartha go bhfuil aimsear mhaith ag teacht.
Ma bhíonn na h-ealaigh ag eiteall thart ins an spéir agus ag sgreadaigh, sin comhartha go bhfuil an ghaot mór ag teacht.
Ma bhíonn sé ag cur fearthanna agus na cearca fanacht amuigh, sin comhartha nach mbéidh tuireadh ann go dtí an oidhche agus má imthigheann siad isteach sin comhartha go mbéidh tuireadh ann. - An Cruadtán i bhfad ó shoin.
Nuair a bhí an cruadtán ann i bfad ó shoin ba ghnatach leis na fir a dhul go h-Albain i mí Meitheamh agus bhíodh siad ar shiubhal go ndéanfadh siad an Foghmhar. Thigeadh siad annsin agus ní bhíodh leobhtha ach punnta ar shon an t-seisiúir. Bhí aon am(continues on next page)- Collector
- Máire Ruiseail
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal