School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 31
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Séan Sgéal.
Bhí sin ann agus fada ó bhí. Bhí rí agus bainríoghan ann agus ní rabh acu acht an ingean amhain. Tharla go rabh fear muinnteardha don ríg seo-rí eile-ag dul dá phósadh agus fuair an rí agus an bainríoghán cuiureadh na bainnse. B’éigean daobhtha cailín eile de chuid na comhursán a faghail le fanacht ag an ingin ins an chaisleán go b’fillfeadh siad-san arais.
D’imtigh siadsan ‘na bainnse agus thúsaigh uaigneas a theacht ar na cailiní. Bhí eagla ortú go mbféidir go dtiocfadh ‘robbers’ nó gaduidheannaí ar bith fa’n chaisleán, agus túsaigh siad agus dhruid siad suas na simléirí uilig go dtí ceann amháin - ceann na cistineadh. Suidh an bheirt acu ar dhá thaoibh na teineadh agus thúsaigh uaigneas agus eagla mhór a’ theacht orthú. Smaoitigh nighean an rí ar chlaideamh a - h-athara a(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Nora Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal