(ar lean ón leathanach roimhe)
346
díom-sa? "f é. "Tá cailín, "fhsé, "a’ pósadh
san áit seo d’áirighthe," fé sin, "ag dá raghfá
i n-aénacht liom a fuadach, d’oilfeadh sí dom
féin go maith sa leasachan sún ’fhsé. "Dherú
ar nóin ní bheimis annsan go deó," f an-
mac an fheirmeóra. "Is geárr a’ mhoíll or-
ainn dul un," fh’é sin. Imthig ort suas go
dtí an tig," f sé, "ag cuir ort an chulaith
iadaig is fearr agat agus beidh láir t’athair.
é sin, "nó (do) láir féin sa yard agam-sa,"
fé sin, "ag iallait agus a’ srian agam errthi," f
é sin, "nuair a bheir ollamh," fhé, "is bhí
amuich go ragham ’n-a drom." Seadh, D’imthigh
sé. Dhin sé suas é féin is dócha is bhí sé
amuich sa yard is capall aige. Phreab sé san
iallait errthi - mac an feirmeóra. Bhuail sé
mo sheann - draoi dtaobh thiar de. Ní rabhdar
ius bhfad a’ dul pé áit go raibh a’ cailín óg
fé scial é. D’imthigh sí ar nós na gaoíthe
is dócha. Seadh, nuair a bhíodar sa gart
annsan annsan. "Tá rínnce is ceól istig
anois," f é, "is amhráintí, agus ní pósfar i
go dtí tímpal, a h-aon a chlog," fé sin. "Tá
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.