Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí mac amháin aige...”
(ar lean ón leathanach roimhe)3 4 3184
Nuair a tharraing maithir an fhathaigh an
chéad dórn, rath a chilleachán amach a
teiceadh agus thosuigh sé a rathaidh thart
ar an uile chrann, agus a t-seanbhean.
maithir an fathaigh n-a dhiaidh, agus an uile
dhorn a dtugadh sí leagad sé crann, nó
go dtí go rabh sí ag an chrann deireannach.
Nuair a bhí sí ag an chrann deireannach
bhí sí fhad agus tháinic léithe a dhul, agus
tháinic a cilleachán thart oirthí, agus
chuaidh aige oirthí, agus mharbh sé ise
a fosta, agus gheárr a cheann daoithe. Chaith
sé’n ceann thaire an sgonnsa, agus
chuir a teangaidh ina phóca. Bhí nighean
a rí annsin le fághail ag fear a’ bith
a dheánfadh an gall" leis na fathaigh agus
le n-a mhaithir.
D’imthigh seisean a tarraingt ar theach
a rí, nó go dtí go bpósfaidhe é fhéin
agus nighean a rí, agus cé bhí astoigh
roimhe ar an urlár ach mac chailleach
na gcearc, agus na cinn leis. "Goidé
tá tusa a dheánamh isteach annseo?"
a luire.(leanann ar an chéad leathanach eile)