Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 073](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_073.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 073
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title) (continued)
“Bhí fear amuigh ar a Cholbha, ar an taobh thall de Chuam Teilinn, a rabh Pádraic a' Cholbha air.”
(continued from previous page)sa leabaidh. D’aithin a’ seanduine cé’n fear a tháinic isteach.
"An mbionn tusa a leanstan", adeir sé, "de bheith a marbhadh róntaí?"
"Maise bhidhinn", adeir sé
"Bhfuil cuimhine aghat", adeir sé, "ar an lá a sháith tú an fork ionnaim(1) a d’imthigh mé ort."
"Tá cuimhine agham go dteárn mé a leithid" arsa seisean.
Mise," arsa seisean, "a ron a dteárn tú sin
leis"- agus é n-a luighe ar a leabaidh, "agus má thig leat ar dóigh a bith é," arsa
seisean, "bí ar shiubhal. Tá triúr mac damh-sa amuigh," arsa seisean, "agus má
thig siad isteach agus fios a fhághail gur
tú atá ann ní bhfuigh tú abhaile a choidhche, mairbhfidh siad thú."
Phill a’ fear, agus níor mharbh sé an rón ó’n lá sin go dtí ’n lá indiú."
(1)ionnam.