Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 117](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_117.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 117
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“D'imthigh Ó Domhnaill lá amháin as a bhaile, agus d'iarr sé ar a bhean na buachaillí a chur a tharraingt mhónadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)rabh an fheannóg a seinm(1), agus go ndeánfadh sé droch
lá roimhe an oidhche.
Tháinic Ó Domhnaill abhaile tráthnóna agus ní rabh a'n fhód mónadh tarrnaigh'. "Goidé ’n
fáth," arsa seisean, "nar chuir tú na buachaillí a tharraingt na mónadh?"
"Shoillsigh an ghrian ró-luath agus bhí ’n fheannóg a seinm," arsa sise, "agus shaoil mé go ndeánfad sé droch lá
"Ach!" arsa Ó Domhnaill. "Ní chreidhfinn-se feannóg nó fiadh, nó go h-áirid
briathra mrá. Mall nó luath a éireochas a ghrian, is mar is toil le Dia a béidheas a lá!"
(1) Droch chomhartha eile ar an aimsir an fheannóg a bheith a
seinm go ró-luath ar maidin.