Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“D'imthigh Ó Domhnaill lá amháin as a bhaile, agus d'iarr sé ar a bhean na buachaillí a chur a tharraingt mhónadh.”
(continued from previous page)rabh an fheannóg a seinm(1), agus go ndeánfadh sé droch
lá roimhe an oidhche.
Tháinic Ó Domhnaill abhaile tráthnóna agus ní rabh a'n fhód mónadh tarrnaigh'. "Goidé ’n
fáth," arsa seisean, "nar chuir tú na buachaillí a tharraingt na mónadh?"
"Shoillsigh an ghrian ró-luath agus bhí ’n fheannóg a seinm," arsa sise, "agus shaoil mé go ndeánfad sé droch lá
"Ach!" arsa Ó Domhnaill. "Ní chreidhfinn-se feannóg nó fiadh, nó go h-áirid
briathra mrá. Mall nó luath a éireochas a ghrian, is mar is toil le Dia a béidheas a lá!"
(1) Droch chomhartha eile ar an aimsir an fheannóg a bheith a
seinm go ró-luath ar maidin.