Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí dhá fear ann am amháin, agus chuir siad ar siubhal a dhá mac, fear aca le bheith 'n-a mhinistir, agus a fear eile le bheith 'n-a shaghart.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus d’fhoghluim sé a bheith ’na shaghart, ach ní rabh fhios ag an athair sin.
Tháinic siad amach ’na dhá saghart óga. Tháinic mac an fhir Ghallta abhaile 'n-a mhinistir
- ma bhfíor dó fhéin - agus tháinic mac an fhir
Ghaedhealach abhaile ’na shaghart. Bhí ’n Aoinne ann, agus bhí ’n fheóil a fiochmhadh(1) ins a phota aca fá n-a choinne. Bhuail a pota
a d’fhiochmhadh agus níor fhág sé an nduine ins a teach nar chuir sé amach le tréan
fiochmhadh.
Chuir siad fá choinne an mhinistir, agus ní theachaidh
sé ar mire go dtáinic a
ministir. Chuir siad annsin fá choinne an t-saghairt, agus tháinic a saghart agus mhaoluigh an fiochmhadh.
Tháinic siad aníos agus theisbeain a saghart díobhtha uilig an diabhal a fiochmhadh astoigh sa phota. "Anois," arsa seisean, "béidh sé annsin go dtionntoigh sibh Gaedhealach liom-sa, muna dtig leis a mhinistir a chur ar shiubhal." Ní tháinic leis sin a dheánamh agus thionntoigh ’n t-iomlán Gaedhealach i n-áit na mbonn
(1)Pronunciation? fiochadh nó fiuchadh