Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 294

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí dhá fear ann am amháin, agus chuir siad ar siubhal a dhá mac, fear aca le bheith 'n-a mhinistir, agus a fear eile le bheith 'n-a shaghart.

    (continued from previous page)
    agus d’fhoghluim sé a bheith ’na shaghart, ach ní rabh fhios ag an athair sin.
    Tháinic siad amach ’na dhá saghart óga. Tháinic mac an fhir Ghallta abhaile 'n-a mhinistir
    - ma bhfíor dó fhéin - agus tháinic mac an fhir
    Ghaedhealach abhaile ’na shaghart. Bhí ’n Aoinne ann, agus bhí ’n fheóil a fiochmhadh(1) ins a phota aca fá n-a choinne. Bhuail a pota
    a d’fhiochmhadh agus níor fhág sé an nduine ins a teach nar chuir sé amach le tréan
    fiochmhadh.
    Chuir siad fá choinne an mhinistir, agus ní theachaidh
    sé ar mire go dtáinic a
    ministir. Chuir siad annsin fá choinne an t-saghairt, agus tháinic a saghart agus mhaoluigh an fiochmhadh.
    Tháinic siad aníos agus theisbeain a saghart díobhtha uilig an diabhal a fiochmhadh astoigh sa phota. "Anois," arsa seisean, "béidh sé annsin go dtionntoigh sibh Gaedhealach liom-sa, muna dtig leis a mhinistir a chur ar shiubhal." Ní tháinic leis sin a dheánamh agus thionntoigh ’n t-iomlán Gaedhealach i n-áit na mbonn

    (1)Pronunciation? fiochadh nó fiuchadh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    11 May 1936
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant