Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0383](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0383.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0383
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)"Well", adeir a’ gasúr, "bhí mo leas-mháthair," adeir sé,
"a’ casaoid le m’athair orm chuile lá agus ag
innseacht bréaga, agus chuile bhouta bheidh sí a’ casaoid
orm nuair a bhreathnós mé díreach san
éadan urthe í sgread a dhiana."
"Dinfa sin," adeir a’ seanfhear, "tá an nídh sin
ugut."
"Agus tá bheidhil sa mbaile ugum agus nuair a
ragha mé a’ sinnim sa bheidhil duine ’bith a
chloisfeas a’ ceól a dhoil a’ damhsa, agus gan aon
fháil ucuv stop nó go stopa an ceól."
"Dinfa sin", adeir a’ seanfhear.
"Tá gunna ugum sa mbaile agus rud a’ bith
a chathfas mé leis a’ ngunna é mharú."
"Dinfa sin," adeir a’ seanfhear, "tá na trí nídh
sin ugut."
D’fhág sé slán aige is d’imi sé, agus bhí an
t-an-ríméad ar a’ ngasúr faoin méid a bhí
fáite aige. Ach níor airi sé go ru sé i n-
ám na beithí a thóirt abhaile. Thomáin sé am-
ach iad níos luaithe ná aon trathnóna eile.
Ach nuair a thainic sé abhaile bhí an leas-mháthair(continues on next page)