Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 231
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fásann an caonac bán ar na clocha piochann na daoine é agus chuireann siad é ar na stocaí chuireann sé dath donn.Lus na gcnámh briste
Fasann lus na gcnám briste í cré maith tá sé ioc sláinnte nuair a géarraidh duine a mhéir cuirfid sé cuid de lus na gcnámh briste ar an méir agus ní féidir é a bhaint den méir go mbeidh an méir ioc sláinnte.
Carraigin [?] Tá maitheas ins an carigín freisin. I dtosach faightear é san fhairge agus tugtar isteach é, agus fágainn síad ar bruach an fhairge go triomochaidh sé. Annsin tugtar isteach é agus díolann síad í ins na siopa. Díolann na siopadóirí é go dtí na daoine. Agus nuair a bhíonns sí fiuchta tá sé go maith le haighidh casacht.Buachaillín an tighe
Tá leigheas i buachaillín an tighe nuair a bhíonns súil tinn ag duine agus an súgh atá ins an buachaillín an tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)