Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 252](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0093%2FCBES_0093_252.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 252
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 252
- XML “Pluais an tSagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)socrughadh seo agus siar leo beirt gur teasbáinradh [!] do'n t-sagart an uachais a bhéadh mar áit chomhnuidhe aige go ceann sgathaimh.
Pluais é atá ag dul i bhfad isteach in-éadan na h-aille agus é níos mó ná lea[th] bealaigh síos ó bharr na h-aille. Níl acht bealach amháin síos agus bealach é a bhfuil contabhairt mhór ann do'n t-é a bhfuil eolas aige air gan chainnt ar an baoghal atá ann don strainséar. Socruigheadh go bhfanfadh an sagart san bpluais uaignigh seo áit nach raibh a dha[th] le cluins aige ann acht greadadh agu[s] buairfeach na dtonn in-aghaidh na h-aille oidhche agus lá, sin agus síor-sgréachaighil chaointeach na n-éanlaith mar a bhfuil an áit beo leo.
Ó'n áit iargcúlta seo theigheadh an sagart amach de shiubhal oidhche ag freastal agus ag fríothál ar mhuinntir na mbailte thart air gus d'fhilleadh sé ar ais roimh an lá go dt[í] a phluais féin. Ní raibh fhios ag neach beo san áit cá raibh an sagart i bfholach acht ag a dhríotháir féin amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Con Tuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo