School: Caurane (roll number 13175)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: P. Mac Giolla Gaileng
![The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 252](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0093%2FCBES_0093_252.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0093, Page 252
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane
- XML Page 252
- XML “Pluais an tSagairt”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)socrughadh seo agus siar leo beirt gur teasbáinradh [!] do'n t-sagart an uachais a bhéadh mar áit chomhnuidhe aige go ceann sgathaimh.
Pluais é atá ag dul i bhfad isteach in-éadan na h-aille agus é níos mó ná lea[th] bealaigh síos ó bharr na h-aille. Níl acht bealach amháin síos agus bealach é a bhfuil contabhairt mhór ann do'n t-é a bhfuil eolas aige air gan chainnt ar an baoghal atá ann don strainséar. Socruigheadh go bhfanfadh an sagart san bpluais uaignigh seo áit nach raibh a dha[th] le cluins aige ann acht greadadh agu[s] buairfeach na dtonn in-aghaidh na h-aille oidhche agus lá, sin agus síor-sgréachaighil chaointeach na n-éanlaith mar a bhfuil an áit beo leo.
Ó'n áit iargcúlta seo theigheadh an sagart amach de shiubhal oidhche ag freastal agus ag fríothál ar mhuinntir na mbailte thart air gus d'fhilleadh sé ar ais roimh an lá go dt[í] a phluais féin. Ní raibh fhios ag neach beo san áit cá raibh an sagart i bfholach acht ag a dhríotháir féin amháin.(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Con Tuille
- Gender
- Male
- Address
- Caurans Lower, Co. Mayo