Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)

Suíomh:
An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Mac Giolla Gaileng
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caurane
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Leathbhaile an Rí - arís”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    súghrad dó féin in áit éicinnt acht nuair a d'féach sé arís chonnaic sé an gasúr agus é ag cainn [!] le triúir ban.
    Bhí sean aithne ag an bhfear ar cheann aca. A bhean féin a bhí ann. Rinne sé caol díreach ortha. Bhí líon in a láimh aici agus thóg an fear é. Chuaidh an bheirt aca abhaile annsin agus chuir an fear an líon i bhfolach i ndíon an tighe.
    Lá amháin nuair a bhí an fear ag cur dín ar an tigh thuit an líon in gan fhios dó. Tháinig duine do na páistí amach agus thug sé an líon isteach go dtí a mháthair. Chomh luath is chonnaic sise an líon rug sí greim air agus as go bráth léi go dtí an loch agus ní fhaca an fear arís go deo í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Leathbhaile an Fhraoigh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mártan Ó Mórán
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leathbhaile an Fhraoigh, Co. Mhaigh Eo