Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dóibh mar gheall ar a gcuid oibre
    Chuala bean-a'-tighe ag clamhsán iad, agus d'éirigh sí. Fuair sí canna agus amach léi go dtí an tobar ag lorg uisge. Ar an mbealach thar n-ais dí bhuail sí a cos in aghaidh cloiche.
    "Droch-rath, ort, mar chloch," ar sise, go feargach.
    "Ó, ná habair sin," ars an chloch, "Is mise do mhathair agus tháinig mé romhat in aon turas le comhairle do leasa a thabhairt duit. "Anois nuair a rachas tú abhaile ghlaoidh amach in árd do ghotha go bhfuil Cnoc Maidhe tré theine. Nuair a chloisfeas na cailleacha é sin rithfidh siad amach agus nuair a gheobhas tusa amuigh iad dún an doras go tapaidh orra.
    Acht rud éicint eile, ar d'anam ná déan dearmad ar a gcuid úirlis a chaitheamh amach nó éireóchaidh leo teacht isteach arís agus má thagann is duit-se is measa."
    Rinne bean-a'-tighe mar dubhairt a mathair léi agus nuair a chuala na cailleacha go raibh Cnoc Maidhe tré theine ritheadhar amach. Níorbh fhada gur tháinigeadar go dtí an doras arís ag iarraidh teacht isteach, acht beag an baoghal go leigfeadh bean-a'-tighe isteach iad.
    Ghlaoidh duine aca annsin ar a cárdaí í a leigint isteach,
    "Ní féidir liom," ars na cárdaí, "mar táim amuigh chomh maith leat féin."
    Ghlaoidh duine eile ar a túirne í a leigint isteach, acht do b'é an freagra céadna a fuair sise. Annsin ghlaodhadar ar túirne mná an tighe iad a leigint isteach.
    "Ní féidir liom," ars an túirne, "mar tá smut bainte asam."
    Ghlaodhadar ar chárdaibh mná-a'-tighe iad a leigint isteach.
    "Ní féidir linn," ars na cárdaí, "mar tá fiacla bainte asainn."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Cáit Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Uí Mháille
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Mucrosán, Co. Mhaigh Eo