Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 311
- XML “Aimsir Chromail 1649”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a tháinig Cromall go hÉirinn rinne sé féin agus a shaighdiúirí scrios mór ar na daoine in Éirinn. Chuir sé arm go Cunga agus chuireadar futha ann. Bhí teach deas in aice ha h-abhann agus do thóg captaoin an airm dó féin é. Annsin tháinig a bhean agus a mhac agus bhí an triúr aca in a gcómhnuidhe ann.
Lá dá ndeachaidh an captaoin agus a bhean amach ag iascaireacht d'fhagadar an mac óg leis an mbanáltra ar bhruac an locha. Bhí an captaoin agus a bhean mí-fhoighdeach mar ní raibh iasc ar bith ag teacht ar an dubhán. Fé dheire thiar thall cheapadar go raibh iasc ann, agus tharraing siad isteach é.
Céard a bheadh ag bun na doruighe acht a mac féin agus é báidhte. Dubhairt na daoine gur breitheamhnas ó Dia é seo mar gheall ar chomh cruaidh is a bhíodar ar na Manaigh i gCunga.- Bailitheoir
- Áine de Brún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Muclach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Brannagáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Loughmask Castle, Co. Mhaigh Eo