Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 322

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 322

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 322
  3. XML “An Leipreachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thart, thart, thart ar an solus. Bhí siad dall leis an solus. Leag mé go leor éan agus chuireas isteach i mála iad. Bhí an Smólach ann, an Lon Dubh, an Bhuidheóg agus cúpla éan eile. Bhí mé sásta. Ar feadh an ama bhí éanacha go leor ag éirghe amach ó na crannaibh agus ó tomacha beaga ag screadach agus ag glaodhach agus ag feadaoil.
    Thart, thart, thart ar an solus leo go léir. Bhí eagla an domhain ar na creatúirí bochta. Mhúch mé an lóchrann. Stad an gleo agus an screadach, an glaodhach agus an feadaoil. Bhí an choill chom chiui[n] chomh socair agus bhí sí nuair tháinig mé ann ar dtús.
    Bhíos tuirseach. Shuidh mé síos ar stumpa de chrann. Bhí sé mall san oidhche agus bhí sé in am ag gasúr óg ar bith a bheith 'na chodladh.
    "Tic, Taic! Tic, Taic!"
    "Céard sin? Céard sin?" arsa mise liom féin. Do léim mé agus d'fhéach uaim. Níor fhéad mé aon rud a fheiceál. D'éirigh an ghealach agu[s] bhí páircín beag i lár na coille geal, gléigeal leis an solus.
    "Tic, Taic! Tic, Taic! Tic, Taic!"
    Chuala mé arís é. D'fheach mé. Óra, a stóirín! Céard a chonnaic mé acht firín beag, bídeach, é in a shuide i lár an páircín, agus é ag deisiú bróg ar a dhicheall. Bhí cóitín beag glas-uaithne air, agus bhí a haitín dearg ar a cheann.
    "An Gréasuidhe Lioprachán," arsa mise liom féin, "an buachaillín go bhfuil na corcáin óir aige!"
    D'éaluigh mé chuige anonn go ciúin agus go socair; stop mé ar chúl chrainn. D'éaluigh mé arís. Annsin preabas amach agus rugas air. Ghla[oidh?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Cháthasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Geannáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    Droim Síl Íochtarach, Co. Mhaigh Eo