Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 323
- XML “An Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé amach.
"Taisbeáin dom an áit 'n-a bhfuil an t-airgead i bhfolach agat. Déan deifir! Brostuigh!" agus le linn na cainnte seo a rádh d'fhéach mé idir an dhá shúil air.
Thosuigh an firín beag ag caoineadh agus ag sgreadach.
"Óra, bub-bub-bú! bub-bub-bú! bub-bub-bú! Seachain nó íosfaidh an Púca thú. Ó, an scian mhór atá aige!"
Scannruigh mise. D'éirigh gach ribe gruaige bhí ar mo cheann 'na seasamh. D'fhéach mé tharm.
Flip! Flap!
Bhí an lioprachán imthighthe.
D'éirigh sgata snag breac amach as na cranna ag sgreadach agus ag magadh:-
"Pota óir! Pota óir!
Amadán mór! Amadán mór!
Téirigh leat abhaile."
Chuaidh mé abhaile le fáinne an lae, agus bhí mé fuar, fliuch mar chodail mé san gcoill. Bhí an mála in a raibh na h-éanacha imthighthe. An sionnach a thug leis is dócha.
Bhí gach uile dhuine sa mbaile 'n a gcodladh nuair tháinic mé. D'oscail m'athair an doras dhom.
D'innis mé mo sgéal dó.
"Seafóid," ar seisean.
Bhuail sé go mhaith mé agus chuaidh mé a chodladh ag gol agus ag caoineadh. D'éaluigh mo mhama isteach chugam agus phóg sí mé.
"Mo mhaicín bocht!" ar sise.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Cháthasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Geannáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87
- Seoladh
- Droim Síl Íochtarach, Co. Mhaigh Eo