Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 009
- XML “Seán Mac Airgid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Mac Airgid.Bhí sean fear ina chómhnuidhe imbaile sagainne fadó agus Seán Mac Airgid ab ainm dó.
Bhí croca óir aige acht má bhí fhéin bhí sé chómh mór sin ina cráidtheachán nach dtiubharfhadh sé pighinn do na daoine bochta.
Bhíodh faithcíos air go mbrisfheadh gaduidhe isteach sa teach agus go ngoidfheadh sé an t-or.
Do chur sé an croca faoi crann a bhí i gceann dé na páirceanna agus gach lá dó téigheadh sé amach agus bhíodh sé ag gáire is ag cainnt leis fhéin faoi an saidhbhreas a bhí aige.
Lá amhain bhí punt eile sábháilte aige agus dubhairt sé go gcuirfheadh sé an punt leis an t-or
Chúaidh sé amach ag rómhar acht sin a raibh dá bhárr aige mar chonnaic gaduidhe é agus do ghoid sé an t-ór.
Thánaig fearg air agus rith sé chuig an cathair mar bhí fear cliste ina chómhnuidhe ann.
Díarr sé ar an bhfear cliste cómhairle a thabhairt chuige agus dúbhairt sé go dtiubharfhadh sé punt dó acht a inntin do shásugadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ceitt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seóin Ó Regáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo