Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 127](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0109%2FCBES_0109_127.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 127
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 127
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairimh is céad bhliadain ó shion ní raibh sgoileanna naisúinta san tír ach bhíodh sgoil amhuig fao'n aer agus i sgiobóil ag na muinnteóirí.
Lé linn na Bpían- Dligthe in-Éireann ní raibh sgoileanna ar bith ach na sgoileanna sin ach do chonghbhuigheadar an t-oideachas i rith na bliadanta úd. I Mbaile ar bith a mbead fear múinnte agus eolas maith aige ar oideachas thosuigheadh sé a' muineadh sgoláirí i gclais nó in áit ar bith eile a beadh fosgadh ann.
Dubhairt nó mhathair liom go ndeachaidh a sean-mhathair chuig sgoil i sgiobhól agus d'fhoglain sí na ceachteanna seo, sgriobhnóracht, léigheadh, agus litrideacht. Bhí sgoil eile in Gráinn agus mhuinfeadh an muinnteóir sin i sgioból agus gabhfeadh sé bíad is lóistín ó mhuinntir an bhaile ar fhad a bhíod sé annsin.
Úaireannta bhíod spiodóirí a' gabhail thart agus abairidís dó na sasanaigh an áit a bhíod sgoil agus bhíod ar na muinnteoírí dul i bfoglach.- Bailitheoir
- Máirghéad Ní Róiste
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Stócach, Co. Mhaigh Eo