Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 011
- XML “Na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí fear ina chomhnuidhe i mbaile Na Stócach. Do bhain sé a slíghe bheatha amach ag deanamh naigíní is cuinneóg is rudaí eile mar sin. Do rachfadh sé chuig gach aonach is marghadh agus do dhíolfhadh sé annsin iad.
Oíche amháin bhí sé ag dul chuig an aonach i Dún Mhór agus ar a bhealach chonnaic sé sgata ag imirt péile taobh istigh i bpáirc a bhí in-aice bhothair.
Nuair a chonnaic sé iad sheas sé ag feachaint orra cupla nóiméid agus chonnaic thug sé faoi deara go raibh dream aca a fághaíl 'lámh' an uachtair ar an dream éile. Ansin dubhairt sé leis féin go rachfadh sé isteach lé cabhair a thabhairt dóbhtha.
Nuair chuaidh sé isteach dúirt sé leobhtha 'tabhair camán dom'. Nuair a chuala siad sin do bhailigheadar lé chéile agus chuireadar a marcaigheacht ar chapall é.
As go bráthach leóbhthá go dtáinigeadar chuig áit eicint ina raibh pósadh ann.
Nuair shroicheadar an áit chuadhar isteach i bhfuinneóig ar ceann an tíghe agus isteach leobtha sa lota(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghothraidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo