Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 257
- XML “Liosanna agus Dúnta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thart annseo níl ach cúpla lios. Tá ceann acu an ghiorra do mo theach. Tá sé lán lé crainnte agus carnán mór. Falla mór cloch atá thart air. Ní threabhann aoinne an pháirc sin mar bíonn eagla ortha roimh na sidheóga.Deirtear go mbíonn teinte agus soillse lé feiscint ionnta san oidhche. Bíonn ceól agus cloisint san oidhche. I bpáirc in aice mo thigh freisin tá poll mhór ag dul isteach fé charraig gur féidir lé aon duine dul isteach ann. Ar an díon dhé tá leaca móra. Deirtear go bhfuil sé ag dul amach i gCillasar agus go bhfuil a lán sheómraí taobh istigh ann. Tá tobar in aice an liosa agus ní féidir lé aoinne a lámha nó a chosa a nighe ann nó cluinfheadh sé na sidheóga in a aice. Tá crann san lios in a bhfeicfheadh na sean daoine sidheóg nó sean fhear gach oidhche agus ní féidir lé aoinne an chrann do gearradh. Thiocfadh a lán soillsí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Nioláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo