Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)

Suíomh:
An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Ó Tóláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Cille
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá Fhéile Pádhraic an chéad fhéile ina dhiaidh sin. Ana lá ag Éireannaigh 'seadh an lá sin. Caitheann siad an t-seamróg na fir ar bhárr a gcaipíní agus na mná ar a gcótaí. Bíonn cláirseacha lé díol ins na siopaí. Ceannuigheann na daoine iad agus bíonn síad á gcaitheamh acú ar an lá sin. Bhíodh síad ag ól an lá sin acht tá an nós sin ag fághail bháis. Deirtear " go raibh siad ag báthadh na seamróige. "
    Piocann siad seamróg lé seóladh go dtí a mhuinntir í dtíortha iasachta. Cuireann sé an-áthas ar a gcroidhe an seamróg a fheiceál arís.

    Ar an 22adh lá de mhí Mheithimh ar lá fhéile Naomh Eoín bíonn teine mhór ag na daoine. Bíonn teine mhór cnámha ag cros-bhóthar í lár an cheanntair. Tagann búachaillí agus cailíní an cheanntair chuige agus baclann mónadh ag gach duine. Déantar iarracht ar smearóid dearg a ghoid ó'n dteine lé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Éinrí
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Éinrí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo