Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh mórán doininn uathbhásaigh againn ón mblian 1839 buidheachas mór lé Dia, ach mar sin féin bhí siad dona agus gabh go leór lé eagla do chur ar daoine. Bhí ceann ann timcheall caoga bliana ó shoin agus bhí scéon ar mhuintir an ceanntair. Ní raibh de chainnt sa ceanntair tamaill maith in dhiaidh sin ach an 'stoirm'.
Rinne sé díoghbháil mhór san áit. Thóg sé an díon de's na tighthe agus de's na stablaí. Bhí ar dhaoine áirithe dul amach agus aolach do chaitheamh súas ar díon na dtighthe chun an tuighe do choingbhéal síos air. Bhí an gaoth chomh borb sin is gur shéid sé na gréithre ó drisiúir dhaoine áirithe nuair d'fosgluigheadar an doras. Séideadh agus leagadh crainnte móra agus thógadh síos lé h-abhainn iad. Bhí páirc fataí ag fear in aice na h-abhainn agus sguabadh leis na páirce idir gais agus fataí.
Bhí stoirm mhór eile ann sa bhlian 1936 ar an triochadh lá de mí Mheithimh. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Éochaidh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Éochaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Church Village, Co. Mhaigh Eo