Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 313
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile an Fuil a tugtar ar ghleann in aice na h-abhann Buidhe, mar deirtear gur troideadh cath mhór annsin. Cialluigheann sé Baile na Fola acht doirteadh ann. Tá áit amháin ar bharr na sleibhte Gabh ar a dtugtar Iomaire Ruadh. Deireann na seandaoine go raibh fataí curtha thuas annsin uair, agus na h-iomairí le feiceál fós ann. Fásann fraoch ar a mbárr agus mar gheall ar sin tugtar Iomaire Ruadh ar an áit.Ar sléibhe taobh theas de'n Abhainn Buidhe tugtar Srón Cam. Má sheasann tú ag a bhun agus feachaint shuas ceapann tú go bhfuil an bárr ag tuitim anuas. Glaoidhtear Carraig an Fhiolair ar áit i measg na sleibhte Gamh. Carraigeacha an árd atá ann. Deirtear gur chomhnuidhe fiolair ann uair. Tá go leor fraocháin ag fás ann agus tagann páistí chuige gach samhradh. Tá sneilp (?) ar taobh na Sleibhte Gamh ar a dtugtar Steilp (?) na Dréimre, mar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Éinrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Éinrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo