Scoil: Clún na Gaoithe (uimhir rolla 8740)

Suíomh:
Cluain Gaoith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Ó Héaráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clún na Gaoithe
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go mbeidh báisteach againn
    Nuair a bíos an mada ag ithe féir sin comhartha báistighé

    Má bhíonn an ghelach lán agus ceo a bheith ar na sléibhte sin comharta nach seasfaidh an lá sin
    Má bhíonn fáine timcheall an ghelaighe sin droch comharthaiacht; má bhíonn an fáinne i bhfad ó'n ghealaigh deirtear go bhfuil an báisteach i bhfad uainn.
    Má bhíonn an fáinne an ghar do'n ghealaigh sin comhartha nach bhfuil an bháisteach i bhfad uainn

    Nuair a bhíos na néalta ag lonnradh go geal sin comhartha seaca. Má bhíos scamaill le feiceál agus iad go bog ban sin comhartha stoirme
    Má bhíonn tuar ceatha le feiceal sa spéir sin droch comhartha
    Má eirigheann an spéar a bhíos in aghaidh na gaoithe dubh dorcha sin comhartha toirnighe. Ma bhíos na fáinleóga ag eitilt go hárd sin comhartha go mbeid aimsir bhreagh againn, acht má bhíonn siad ag eitilt go h-íseal sin comhartha báistighe
    Má bhíonn an cat ag cuimilt a chos le ádhmad sin comartha stoirme
    Nuair a bhíos an bháisteach le teacht éirigheann an tír thart dubh dorcha
    Nuair a bhíos ceo ar Néifin sin comhartha go beidh báisteach againn sar i bhfad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge