Scoil: Clún na Gaoithe (uimhir rolla 8740)

Suíomh:
Cluain Gaoith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Ó Héaráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clún na Gaoithe
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Scéal faoi Loch Ciste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal fá Loch Ciste.
    Tá loch i measg na gcnoc i gceanntar darb ainm Caiseal. Tá an loch seo tuairim is céad slat treasna agus tá sé an doimhin. De réir na sean daoine tá pota óir ag tón an locha seo. Tugtar Loch Ciste ar an loch seo. Deirtear gurab iad na Tuatha Dé Danann a chuir annsin é agus tá éan mór ghá fhaire. Thug fear as Coill mhór iarracht cun é d'fagháil acht do theip air. Oidhche bhreág amháin cuaidh sé go dtí an loch mar chuala sé na daoine ag rádh i gcomhnuidhe go raibh pota óir ann. Thug sé capall agus slamhra leis. Nuair shroich sé an loch shnámh sé go tón an locha agus fuair sé an pota. Chuir sé ceann de'n slamhra i gcluais an phota agus cheangail sé an ceann eile le bóna an chapaill. Thóg sé an pota aníos ar bhruach an locha. Bhí leac ar an bpota. Bhí sé le dhul abhaile nuair chonnaic sé éan mhór ar bhárr cnuic atá i naice na háite agus dubhairt sé, "Má thugann tú an tór sin leat ní mhairfidh tú i bhfad." Scannruigh sé agus chaith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antoine Ó Muireasa
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    An Choill Mhór, Co. Mhaigh Eo