Scoil: Clún na Gaoithe (uimhir rolla 8740)
- Suíomh:
- Cluain Gaoith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Ó Héaráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clún na Gaoithe
- XML Leathanach 329
- XML “Scéal faoi Loch Ciste”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an pota síos sanuisge. Chuaidh sé abhaile agus deirtear nach bhfuighidh duine ar bith eile go deó é.
- Ní raibh scoil ar bith san gceanntar seo fadó. Bhí sean scoil i dTuagh Mór agus scoild fóidín dob eadh é. Duine darbh ainm Mach Uí Mahon a bhí ag muineadh ann. Bhí leígheamh agus sgríobhadh á múineadh aige. Bhí leabhair ag na paístí acht is ar slinnte a sgríobhadh siad. Ní raibh binnsí ná stólta acha. D'fhan an máighistir i dtigh Róistigh áit a bhfuil oifig an phuist anois ann.Múinteóir maith a bhí innte acht ní raibh gaedhilg ar bith aige. Ní raibh páigh ar bith aige acht thug na scoláirí cúpla pinghin dó san tseachtmhain as a gcuid léighinn. Bhí tuairim is dachad duine ag dul chuig an scoil seo. Ní rachadh na paístí ar scoil nó go mbéadh siad deich mbliadhna agus is ins an ngeimhreadh amháin a chuaid cuid acha. Níl duine ar bith beo anois a bhí ag dul chuig an scoil sin. Rachadh siad ar scoil timcheall a deich a chlog agus ní thagadh siad abhaile go dtí'n a cheathar um thráthnóna(leanann ar an chéad leathanach eile)