Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 98
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin gabhann siad ag rinnce le chéile. Pé ar bith cailín a bhuaileas an caiptín leis an mbata caithfidh sí dul ag damhsa leis na buachaillí tuighe agus má ceapann duine de’n fhuireann focal a labhairt gheibheann sé buile de’n mhaide.
Tugtar biadh agus deoch do na buachaillí tuighe annsin agus annsin imthigheann siad. Nuair a bhíos siad réidh le n-imtheacht seasann siad in aon líne amháin agus crochann an ceoltóir port mairseáil amach an doras leo i ndiaidh a chéile.
Tá a lá pisreoga a bhaineas le pósadh. Deirtear nach ceart do chailín síoda a chaitheamh lá an pósadh agus go mba chóir dí rud eicínt sean agus rud eicínt nua a chaitheamh.
Deirtear gur mí-adh mór é, cailín a fheiceál ar an mbóthar ag dul ag an seipéal dóibh.
Má bristear cupán ná fó-chupán sa teach oidhche an phósadh deirtear go mbrisfidh an bhean a lán soitheach.
Ní mór do’n fhear a sa séipéal roimh an cailín freisin.
Imthigheann an lánamhain ar mí na meala agus théis dóibh mí a chur isteach in a dteach féin, sé sin mí tar éis an pósadh tugann siad cuairt míosa ar máthair an cailín.- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cormaic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Eachinis, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Feidhlim Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Eachinis, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Máire Ní Liathnacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Mártan Ó Connmhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo