Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 335
- XML “Seoirse O Máille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chriocnuigh na spéartha agus meaduigh an ceó
Dá mbéadh cainnt ag na clártha
Dinnseóchadh siad sgéal cráidhte
A giorracht is cuaidh an bás dúinn
Le muid lag claoidhthe ina ceannBhí crú na luinge ar aon cor
Ag faire cláir m’eadain
Ag feitheamh air conghnamh uaim
Agus gan aon mhaith dóibh ann
Ach dubhairt mise leo ar aon cor
Go ndéanfainn maith dá bfeadfainn
Go niomcrócad sí a chuid eadaigh
Chomh fad is bead sí in dán snámh
Tá mo lámha bochta stróicte
Go siorraidhe ag tarraing rópaí
An craiceann is an feoil
Tógta amach ón gcnámh
Mar é seo an bás a giall mac Dé dúinn
Cé’n gairid ata dá séanadh
Ag dul go flaitheas Dé dúinn in aon stad amháinAg teacht dúinn go hÉirinn
Bhí fion brandaí is tae linn
Tobac agus Jamaica agus gach sórt da raibh ann
Piosaí fada síoda domh sgaith bhí ba daoire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padraic O Muimneachain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo