Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 417
- XML “Pisreogaí”
- XML “Pisreogaí”
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad a chonra ortha. Nuair a thogann siad a chonra, tigeann fear agus leagann se an da stol i gcoinne a cheile i dtreo nach bhfaigheadh duine a bith eile bas sa teach sin go ceann i bhfad. Ni ceart go na daoini a bheadh a togail an chonra siubhal treasna ar na stolai.
- Nuair a bhionn an corp os cionn clair sa teach deineann siad an cistin a thomhas o choirneal go coirneal leis na brogai feachaint de mheid troigh ata ann. (PICTUIR) Deineann siad e thomhas i toiseach o A go C ; agus (ma) gurab e an faid ceadna ata ann o B go D, deineann siad e sin a thomhas comh maith. Ni thig liom a fhaghail amach ce'n brigh ata leis an nos seo.
- Má fheiceann siad dhá cheann tuagh ceatha in aon bhaile amháin tá sé ráidte gurab sin cómhartha go bhfaighidh triúr ar a mbaile sin bás gan mórán ama.
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo