Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 487
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nách maith an sagart É,
Mac Dé nuair bhaist Sé
Eóin agus bhaist Eóin É,
Mac Rí neamh dá chur le cnámh
Agus gach ball dhó dhá gcur i gcré,
A té a déarfas Airtigeal A Chreidí Chrúai',
Torann gach aon tráth
Feicthi' sé an Mhaighdean Glórmhar
Trí h-uaire roimh a bhás- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Go mbeannui ' Dia dhuit a anam geal,
Go mbeannui' Dia agus Muire, Brighid agus a brat,
Mícheál agus a sluagh gus a dhá láimh geal glé geal in airichis m'anama.
Paidreacha na seacht dtreibeanna róm agus liom,
Glór na n-aingeal os mo chionn,
Ortha Muire ós mo chionn,
Ortha Muire ós mo chionn,
Ortha Muire ós cionn tumba na Maigdiune Glóire. - Níl ionainn ach seóide ó indiu go dtí amáireach,
Nach gearr ar léas ar an saoghal seo;
Na trí seóide is breághtha,
I bhFlaitheas Dé na ngrásta,(leanann ar an chéad leathanach eile)