Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 1
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó i n-Éirinn phósadh na daoine uilig a bhí le pósadh idir Oidhche Nodhlag Beag agus Márta na h-Inide. Deir na sean daoine gurbh é sin an tráth ceart chun pósadh a dhéanamh agus go bhfuil sé an -ádhmhail. Go dtí an lár atá indiú ann pósann an [ch]uid is mó de na daoine an tráth seo de'n bliadhain go mór mhór na daoine fá'n dtuaith.Tugtar an Inid ar an aimsir ó lá Nodhlag na Ban go Céadaoin na Luathraidh. 'San am seo seadh déantar na cleamhnais. Bíonn féasta mór ag na daoine oidhche Máirt na h-Inide mar is í an oidhche deireannach é roimh an Chairgeas. Tá nós ag na daoine pancóga a dhéanamh an oidhche sin freisin. Máirt na h-Inide an lá deireannach chun pósadh a dhéanamh go dtí Dómhnach Cásga.
Is mí-rathamhail na laetheannta seo chun pósadh -
Dia Luain, Dia Céadaoin, Dia h-Aoine agus Dia Sathairn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Aindriú
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Standún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo