School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Antoine Ó Donnchadha
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 2](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_2.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 2
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 2
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí nós ag na cailíní óga nó cailíní a bh[...?] ion- phósta iad féin a deisiú agus a ghléas[ú] go maith an Dómhnach roimh an Inid. Théighea[dh?] siad go dtí an Séipéil agus gean gáire ortha ionnus go bhfeicfí iad. Dá mba rud é na[ch] mbeadh siad pósta i rith na h-Inide bheadh pus ortha an chéad Dómhnach eile in a dhiaidh agus mar sin tugadh "Domhnach na Smuit" air.Ba mhór é an rud cleamhnas fadó acht ní bhíonn mórán cainnte faoi anois. Nuair bheadh fear óg ag smaoineadh ar pósadh, cheannochadh sé buidéal uisge beatha, D'Innsigheadh sé an sgéal dá ghaolta. Théigheadh sé fhéin agus beirt no triúr eile a bhí i ndon a dhéanamh go maith go teach an chailín. Bhuaideadh siad ar an dorus. D'éirigheadh na cailíní. Dá mbea[dh] fáilte roimhe d'faduigheadh siad an teine. Thógadh an fear an cailín ab'fhearr leis. D'éirigheadh muinntir an tighe ar fad. Is minic go mbéa[dh?] is aca i bhfad roimh ré go raibh an fear ag tigeacht. Mar sin bhíodh an ghé marbh, na(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Nic Aindriú
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Nóra Ní Standún
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo