Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 109
- XML “Ráithíní”
- XML “Ráithíní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí sí aca go dtí lá a mbáis.
- Bhí m-Uncle in-a-chomhnaidhe i dTúr Glas fadó Pádhraic Báiréad do bh'ainm dó. Oidhche amháin bhí sé ar chuairt. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile béiginn dó dul thar raithín. Nuair a bhí sé ag teacht ingar do'n raithín léim leipreochán amach as. Bhí sé ag leanacht an leiprocháin agus an áit amháin rug sé greim air. Acht nuair a d'fhéach sé ní raibh sé in-a-lamha bhí sé imthighthe.
Tháinig sé abhaile agus chuaidh sé isteach san leabhaidh. Níor thuit sé in-a chodhladh an oidhche sin mar síl sé go raibh rud mór trom air. Dubhairt sé nuair a síl sé é féin a iompradh ins an leabaidh bhí na sidheóga dhá chonghbhail. M'anam gur tháinig sé in am gach oidhche eile, mar bhí faitchíos mór air ó shoin. Timpeall agus dhá sgór bliadhain ó thárla sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)