Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 141](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_141.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 141
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in a láimh. Déanann sí maistreadh dhá uair sa t-seachtmain sa Samradh agus uair amháin sa t-seachtmain sa nGeimhreadh.
Má thigeann fear ar bith isteach sa teach agus an maistreadh ar siubhal. Beireann sé greim ar an luithne agus buaileann sé cúpla buille air agus annsin imthigheann sé amach ar a bhealach.
Nuair a bhíonns an maistreadh déanta tógann sí an t-im amach le dhá spád ime. Bíonn sí ag cur uisce ann nó go mbíonn an bainne uilig imtighthe as. Annsin cuireann sí salann ann agus bíonn se réidh aicí le n-ithe.
Tugtar bláthach ar an mbainne a bhíonn faghtha sa gcuinneóig agus tugtar bainne géar air i gceann cúpla lá. Déanann sí do na cearcaibh, agus do na mucaibh é. Nuair a bhíonns casacht(leanann ar an chéad leathanach eile)