Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí long ag dul go Meiriocá uair amháin agus nuair abhí sí tamall ar an bhfairrge chonnaic na paisinéirí míol mór ag tigheacht ina diaidh. Bhí faitchíos ag teacht ar an gcaipín agus chaith sé amach cathaoir. Shlog an míol mór í, ach ní rabh sé sásta. Chaith sé amach gabhar; shloig an míol mór é ach níor imthigh sé. Annsin chaith sé amach naigín; shloig an míol mór é ach níor imthigh sé. Ar deireadh chaith sé amach buachaill an Chabáin. Shloig an míol mór é agus d'imthigh sé. Nuair abhí an long ag teacht i dtír i Meiriocá connaic an caiptín go leor daoine thíos ag an gcladach agus céard abhí ann ach an míol mór agus é marbh. "Fosgail é" ars an caiptín. D'fhosgail siad é agus cad a fuair siad ann ach an buachaill ina shuidhe ar an gcathaoir agus é ag bleaghan an ghabhair isteach sa naigín. Bhí oiread iongantas ar an gcaiptín gur beag nár thuit sé marbh.
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith an tSeagail, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Máille
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sraith an tSeagail, Co. Mhaigh Eo