Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar dtús gheibhein cainín agus sgian agus téighim amachag piocadh dath na gcloch. Nuair a thugam isteach cuirim sios pota uisge ar an teine agus nuair a bíonn sé bruidhte tóigim é. Cuirim an dath na gcloch sa bpota agus cuirim ailm ann chomh maith. Bruithim ath-uair é. Annsin sgagaim an caoineach as an uisge agus bíonn an t-ádhbhar daithte fágtha. Cuirim an rud abhíos le dathú isteach san uisge agus fágaim annsin é ar feadh 20 nóiméid nó níos mó do reír tuighas an éadaigh. Annsin toígím an t-éadach tar éis é a chorrughadh cúpla uair agus faísgim é. Cuirim amach ag tirmuighadh é annsin. Tugaim isteach annsin é agus bíonn dath deas ruadh-bhuidhe air. Deanann siad an rud seo go fóill le stocaí,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo