Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 210
- XML “Na hAicídeacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean-rádteacha thart annseo gur dhá Aicid déag abhíos ag dul do'n duine agus gur b'í an Fhallsacht an ceann is measa. Ceann eile go bhfuil aicid ann in aghaidh gach lá sa mbliadhain agus luibh a leighis in aghaidh gach aicíd. Sean-rádh eile nach bfuil luibh na leigheas in-aghaidh an bháis.Tá alán aicíd le teacht ar an duine, an Trioch, An Bruitíneach, An Galra Buidhe, An Fiabhras, An Eitinn, An Snaoim ar Stéig, An Ailt, An Ruadh, An Bhárr Phéiste, An Easbhuidhe, An Cnap Gorm Na h-Earnacha agus an Cnap Uchta.Siad seo na h-aicídeacha a thagas ar na h-ainmhidhthe; An tart bruileachán, An bualadh Saighead.
Na Leigheasanna:-Cuireann na daoine neantóga isteach i mbáisín fior-uisge agus bruitheann siad iad ar leamhnacht agus olann siad an sugh. Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann