Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 221
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tigeann bachach go dtí an áit-se go mba ainm dó "Hugh Keogh." Bíonn sé ag dul thart ag iarraidh déirce. Tugann muid min do agus plúr agus pighneacha agus deireann sé i mbéarla go ndeanaidh Dia trócaire ar anam na marbh agus imthigheann sé leis annsin. Tigeann fear eile tart chomh maith "Spud Murphy" a thugann siad air. Fanann seisean ar feadh seachtmhaine san áit. Bíonn sé ag bearradh gruaige agus tugann na buacaillí pighneacha dó. Sean saighdiúir atá ann. Bhí fear eile ag dul thart annseo fadó, Pádraig Ó Mordhneach. Bhíodh sé ag iarraidh uibheacha. Bhíodh fear eile ag dul thart abhí ag díol bláthanna Pádraig Ó Máille an t-ainm abhí air seo. Máirín Ní Dhómhnaill
agus Páistí eile- Bailitheoir
- Máirín Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann