Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 232](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_232.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 232
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)corp agus é ghá thabhairt go dtí an Roilig.Fuarthas fear marbh thiar in-aice le Bun-an-Bhóthair idir Porturlainn agus Greannaigh. Is amlaidh go ndeachaidh sé amugha agus luidhe sé sios ar taobh an bhóthair agus é ar meisge oidhche fhuar agus bhí sé púnnáidhte ar maidin. Sa mbliadhain 1920 a thárla sé seo agus tá carn cloch ar thaoibh an bhóthair. Ní cuirtear aon chloch anois leis ach uaireannta agus na daoine ag dul thar an áit deireann siad 2Go ndeanaidh Dia trócaire ar anam na Marbh" Michéal MacFuarthas fear eile marbh idir Porturlainn agus Sratih-an-t-Seagail agus tá carn cloch san áít. Séan Ó Garbháin abhí mar ainm air.Ar an mbóthar go dtí an Ros Dubhach tá carn cloch agus is amhlaidh a leagad an corp ar thaoibh an bhóthair annseo go ndéanfadh lucht a iomchair a sgiste nuair a bhí siad ghá thabhairt go dtí an Roilig i bPoll-an-t-Sómais.
Maigréad Ní Dhochartaigh
agus Páistí eile.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann