Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 245
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)33) Is tuaisge deoch na sgéal34) Is fada siar an rud nach gcuirfidh Dia aniar35) Nior dhóigh an sean-chat é feín ariamh36) Is fearr leath bhuillín ná bheith gan arán37) An bhó abhíonns beo gheibheann sí an fuarán38) Fágann na ba bás fhaid is bhíonn an féár ag fás
39) An uair is mó a bhíonns fearg ort cuir do Phiopa in do bheál
40) Is furasta tuitim na éirge41) Is furasta fuinneadh in-aice na mineadh 42) Is fearr sláinte ná ór43) Bíonn blas ar an mbeagán
44) An rud a théigheanns i bhfad téigheann sé ar seachrán
45) Nuair is cruaidh ar an gcat caitfidh sé rith a dhéanamh
46) Is geal leis an bhfiach dubh a chuid cleite
47) Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná coisidheacht dá fheabhas(leanann ar an chéad leathanach eile)