Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)
- Suíomh:
- Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Beoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glenamoy
- XML Leathanach 342
- XML “Sraith na Pláighe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Sraith na Pláighe ainm mo bhaile-se. Sé an fáth a tugtar an t-ainm sin ar an mbaile mar bhí pláighe ins an áit seo fadó, agus bhí sé in aon Sraith amháin ins an mbaile seo thar aon bhaile eile ins cheanntar, agus tugadh an ainm sin air. Ní raibh sean tighthe ins an áit seo fadó, mar níl aon sean chlocha no aon lorgracha ins an mbaile. Tá cárn mór de chlochaí in ár bpáirc agus tá siad ann leis na ceadhthaí blíanta. Tá an féir fásta thart ortha anois, agus tá faithchíos ar gach duine iad do chorrughadh mar deireann siad go bhfuil daoine cuirthe annsin. Tá trí cinn déág de thighthe ins an mbaile, agus ní raibh acht cúpla cinn ann fadó. Sé an t-ainm h-Éilighe an t-ainm is mó a bhfuil ann. Tá seacht gcinn aca ann. Níl acht beirt sean daoine ós cionn trí scóir go leith blían ann. Tá ceann aca níocha blían d'aois sin Brighid Ní Éigeartaigh agus tá an ceann eile ochtmhó blían d'aois sin í Sorcha Ní Gornín. Tá an bheirt acu indon Gaedhilge a labhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Éilighe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Antoine Ó hÉilighe
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sraith na Pláighe, Co. Mhaigh Eo