Scoil: An tSraith

Suíomh:
An tSraith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 507

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 507

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An tSraith
  2. XML Leathanach 507
  3. XML “Táin Bó Fliadhais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a d'fág sé Ráth Cruachan acht d'imthigh sé saor. Nuair abhí an troid ar siubhal ag Áth Fhionn, chuaidh sé ar ais go dtí Rath Cruachan agus d'innis sé an sgéal do Mhaedbh agus chuir sé í fé gheasa teacht agus sásamh a bhaint as Oilioll Finn.
    Réidhtigh Maedbh arm mór agus tháinic sí agus d'ionnsuigh sí Dún-Áth-Fionn. Chuaidh sí annsin síos tríd Gleann na Muaidhe agus tríd Bárrúscaigh go dtí Rath Mórgán agus d'ionnsuigh sí an Dún. Tháinic Oilioll Finn tríd Bheannchor agus bhí sé ann roimh Maedbh. Ní raibh fhios ag Oilioll Finn go raibh siad ag teacht agus ní raibh siad réidh, acht bhí trí ribe gruaige ar a chúm agus an fhaid abhí siad ann níor baoghal dó mar ní raibh aoinne indán é a mharbhughadh.
    Ní raibh fhios ag Fliadhais Foltcheann sin acht oidhche amháin thug sí tuilleamh óil dó agus cuireadh ar meisge é agus d'innis sé dí an cumhacht abhí aige ghearr sí na trí ribe gruaige. Lá thar na bhárach chuaidh Oilioll Finn síos go dtí tráigh Cirteán agus nuair a d'airigh sé na ribe gearrtha ghlaoidh sé ar Cirteán a teacht leis na báid acht ní thiocfadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Mhuilligh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tSraith, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Síle Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baingear, Co. Mhaigh Eo