Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 510
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith aca lé'n na tabhairt do'n té a gnóthuighe[adh] an cluice agus dubhairt an prionnsa g[o] mbéadh púnt lé fághail ag an duine a chuirfeá an cluice amach ar an duine eile. Thosuigheadar ar an g-c[luiche] agus d'éirigh lé mac righe Éireann gur ch[uir] sé an cluiche amach ar an bhfear a tháinig isteach agus fuair sé an púnt. Annsin dubhairt an fear a tháinig isteach go n[...] a aimsa an geall a ainmneadh agus dubhairt an prionnsa leis go mba e[...] "Anois" ar seisean, ma thógann tú an cluice seo thógamsa orm féin céad p[unt] a íoc leat agus ma thógamsa an cluice chaithfidh tú do lámh d'onóir a thabhairt dhom go dtiubhairfidh tú seir[bhís?] trí lá go Oighre na Coille Glaise sa domhan thoir agus dubhairt an phrio[nnsa] go raibh sé sásta. Shuidh siad síos ag cluiche cúig ficead agus d'éirigh leis an bprionnsa go ndeachaidh sé f[...] do'n céad déanamh. Bhí bród an domh[ain](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann