Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 531
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Págánach é sin agus annsin sochruigh siad na teinte cnámh do dhéanamh ar oidhche lá Fhéil’ Sheáin.Oidhche Shamhna:
Bíonn oidhche Shamhna ar an oidhche dheireanach de Dheireadh Fóghmhair. Ar an oidhche sin déantar go leór cleasanna in gach teach, ag imirt dalóige, agus ag déanamh cacaí agus ag cur fáinne ionta. Ar an oidhche caithtear turnaipí agus cabáiste ag na dóirse.Oidhche Nodlag:
Ar oidhche Nodlag do rugadh Íosa Críost i stábla, i mbethel thoir. Ar an oidche sin bhíonn coinnle ar lasadh ar na fuinnéoghaibh ins gach teach, agus bhíonn na dóirse ar fhosgailt go dtí a do dhéag a chlog. Deirtear go mbíonn an Mhaighdean Mhuire ag dul thart ó theach go teach agus b’fhéidir go dtiocfá sí isteach nuair a bhíonn na doirse ar fhosgailt. Bhíonn fleadh mór i ngach teach an oidhche sin agus bhíonn bród ar gach duine freisin.Lá Fhéile Stiofáin:
Tuiteann lá Fhéile Stiopháin ar an lá in-éis lá Nodlag. Ar an lá sin éirigheann gach gasúr go moch, agus téigheann siad amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Móráin
- Inscne
- Fireann