Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 533
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Tháinic se isteach ar druim na ndaoine
Is chuaidh sé amach cómh mín le síoda (Móin).
2. Cad é an rud atá ins an cairt nach bhfuil maith ann, acht nach féidir dul gan é. (Torann).
3. Níl sé istigh ort,
Níl sé amuight ort,
Act tá sé ort (d'ainm)
4. Capaillín stabáilte, babáilte donn
Siubhalfadh sí Eíre,
Is ní fliuchfadh sí cos. (Beach)
5. Chuadhas suas an bóithrín.
Tángás anuas an bóithrín
Is thugas an bóithrín ar mo dhruin (Dreimire).
6. Teachtaire ó theach go teach.
Is bhíonn sé amuigh san oidhche (Casán).
7. Cé'n rud deineann peidhre bróg (da bróg.).
8. Fear fada gleigéal is crios dá taobh fein air. (Punann Coirce).
9. Gear glas sa ghairdín, agus dhá céad cóta air (Gás cabáiste).
10. Do chaith mé suas é comh bán le sneachta.
Is tháinig sé arais in a ór buidhe leachta.
(Ubh)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antoine Ó Gionnachtaigh
- Inscne
- Fireann